Rinne muid ceiliúradh ar Lá Idirnáisiúnta na Leabhar sa scoil ar fad i mbliana agus chuir na páistí iarracht an-mhór isteach!! Bhí go leor caractéirí as Harry Potter linn ar an lá agus a lán imreoirí sacair chomh maith!!

I mí Feabhra bhí na páistí ag foghlaim faoi scoileanna agus mar a bhí siad fadó nuair a bhí a seantuistí óg. D’fhoghlaim siad faoin gcóras teasa, faoi achmhainní ranga agus fiú na modhanna múinte a bhí ann an t-am sin. Mar gheall ar sin bhí fonn ar na páistí im a dhéanamh cosúil leis an mbealach ina ndearna a gcuid seantuistí é chomh maith. Bhí blaiseadh againn ar fad den im ag deireadh an lae.

Mar chuid de sheachtain na Gaeilge bhí postaeirí le dearadh ag páistí Rang a hAon go Trí le seanfhocail iontu. Bhí comórtas idir an trí rang agus d’éirigh le postaeir amháin as Rang a Dó duais a bhuachaint. Maith sibh Charlie agus Kevin leis an seanfhocal “Níl aon tinteán mar do thinteán féin”.

Tá an Nollaig beagnach linn arís agus tá Rang a Dó ag baint taitneamh as a bheith ag foghlaim faoi. Tá scéalta a bhaineann leis an Nollaig á chloisteáil acu, chomh maith le bheith ag déanamh neart ealaíne agus ceol na Nollag. Tá siad ag foghlaim faoi thraidisiúin atá i dtíortha eile chomh maith. Tá téarma iontach curtha isteach acu agus tá briseadh tuillte go maith acu.

Christmas is nearly upon us and Rang a dó are enjoying learning all about it. They have been listening to various stories, as well singing Christmas carols. They are also learning about Christmas traditions in other countries. They have worked very hard this term and they deserve a well-earned break!!

Tá na páistí ag baint an-taitneamh as an gcóras pointí Dojo atá againn faoi láthair. Rang a dó are enjoying using the new point system in the school “Class Dojo”. They are nearly at their target of 250 points which earns them a DVD day!! Each child has their own Avatar. Nach ndearna siad iarracht iontach ag tarraingt pictúir dóibh!

Rinne muid ceiliúradh ar Sheachtain Eolaíochta le linn Mí na Samhna. Rinne muid gníomhaíocht eolaíochta gach lá. Rinne muid tastáil ar ár mbuillí croí. D’fhoghlaim muid faoi ghníomhú ribeach. Ghlac muid páirt i ndúshláin Lego agus tá muid ag fanacht go foighneach ar ubh phreabach. We celebrated Science Week this November. The class were learning about their heartbeat. They counted their heartbeat after different activities. They learnt about capillary action. They took part in some Lego challenges and joined a webinar called “Let’s Talk Bats”. They are also waiting patiently for bouncy eggs which were soaked in vinegar during the week.