Mhúsaem Cathrach na Gaillimhe

Thug páistí ó dhá Rang a 4 na scoile mar aon lena gcuid múinteoirí Rónán agus Tomás cuairt ar Mhúsaem Cathrach na Gaillimhe le déanaí.  Thóg muid an traen isteach chuig Stáisiún Cheannt sa chathair.  Bhain na páistí an-sult as an turas.  Bhí neart ceisteanna acu faoi gach a bhí le feiceáil acu ar na húrláir éagsúla sa mhúsaem.  Ina dhiaidh sin, chaith muid tamall ag déanamh imscrúdú ar an bPóirse Spáinneach, An Phóirse Caoch, An Ball Fada agus Abhantrach an Chladaigh.  Ansin, chuaigh muid ar shiúlóid suas le bruach Abhainn na Gaillimhe chomh fada le Páirc Mhílaoise na bPáistí atá taobh thiar d’Ardeaglais na Gaillimhe.  Chonaic na páistí éisc agus ál lachain sna canálacha ar an mbealach, chomh maith le nead Eala ar bhruach Abhainn na Gaillimhe díreach roimh Dhroichead na mBrádan.  Ar ár mbealach ar ais chuig an stáisiún traenach, sheas muid ar an bhFhaiche Mhór chun Bratacha Threibheanna na Gaillimhe agus Scairdeán Uisce Húicéirí na Gaillimhe a fheiceáil.  Bhí lá iontach againn amach as amach.

Recently the two fourth classes (Múinteoir Rónán & Múinteoir Tomás) visited Galway City Museum.  We arrived into Ceannt Station via train from the school.  The children really enjoyed the train ride.  We spent a large portion of the day exploring the various floors of the museum.  The children really enjoyed the interactive section on the top floor.  After the museum, we took a walk down the Long Walk and back again to the Spanish arch and the Blind Arch and over to the Claddagh Basin.  Then we decided to walk up by the banks of the Corrib.  There was an abundance of wildlife about.  We were delighted to see a mother duck and several of her ducklings on the canal, as well as gorgeous swan taking a break in her nest just before we crossed the Salmon Weir bridge.  We decided to have lunch in The Millennium Children’s Playground behind the Galway Cathedral.  On our return route to the train station we stopped at Eyre Square park.  We took a few photos beside Browne’s Doorway and the Galway Hooker Fountain.  Then we quizzed the children about the 14 tribes of Galway and their various family flags.  We had a brilliant day overall.

Páistí Rang 4 i mbun oibre agus iad ag obair le cré bunaithe ar an téama “An Cháisc”.

Páistí Rang 4 Rónáin i mbun Lorg Mata.

Ealaín Rang 4 Múinteoir Rónán bunaithe ar an t-ealaíontóir cáiliúil Pablo Picasso agus an stíl Cubism.

Páistí Rang 4 Múinteoir Rónán ag obair go crua ar na ríomhairí don tionscadal atá muid ag obair ar faoi láthair “Ainmhithe fiáine na hÉireann”

Rang 4 Múinteoir Rónán working diligently on the laptops for their Science project “Wild Irish Animals”

Páistí Rang 4 Múinteoir Rónán gléasta suas do Lá Domhanda na Leabhar

Rang 4 Múinteoir Rónán dressed up as characters from various books for World Book Day.

Páistí Rang a ceathair Rónán ag caitheamh geansaithe na Nollag an Aoine seo caite.  Thóg muid “selfie” taobh amuigh freisin gan na mascanna. 

Children from Múinteoir Rónán’s class proudly wearing their Christmas jumpers last Friday.  We also took a selfie outside without the masks. 

Anseo tá na páistí ag obair i ngrúpaí beaga.  Tá said ag tógáil Bolcáin (Volcanoes) le cré. Chuir na páistí íochtar an  bhuidéil plaisteach taobh istigh den bholcán mar tá muid ag iarraidh Turgnamh Eolaíochta a dhéanamh leis nuair ata sé triomaithe agus péint curtha air.  Baineann an ceacht Ealaíne seo leis an gceacht  Staire a rinne muid an tseachtain seo faoin gcathair ársa Pompeii agus an críoch a fuair sé.  Thaitin an ceacht go hiontach leis na bpáistí.

Here the children are doing some group work.  They are constructing Volcanoes from clay.  The children have also put the bottoms of plastic bottles into the base of the volcano, because we are going to try a science experiment when they dry out and have been painted.  This art project is based on the History lesson this week about the ancient city of Pompeii and its tragic ending.  The children thoroughly enjoyed learning about Pompeii.

Dia Dhaoibh,

Faoi láthair na huaire tá Rang 4 ag obair ar thionscadal Eolaíochta “Crainn na hÉireann”.  Tá muid ag féachaint ar chrainn duillsilteach (deciduous) inár gceantar go háirithe.  Le cúpla seachtain anuas tá na páistí tar éis dulleoga agus síolta éagsúla a thabhairt isteach ar scoil, a bhailigh said sa gceantar chun cur leis an bord Dúlra sa rang.  Thug Rang 4 Rónán & Tomás cuairt ar Choill Muine Mheá cúpla seachtain ó shin. Bhain na páistí an sult as an lá.  Is breá leis na páistí an dúlra agus gach a bhaineann leis.

Múinteoir Rónán

Greetings,

Currently Rang 4 are working on a Science project “Crainn na hÉireann”.  We are focusing in on deciduous trees in the community.  For the past couple of weeks the children have been bringing in leaves and seeds that they have collected from home.  These have been put on display on our Nature Table.  A couple of weeks ago Rang 4 Tomás & Rónán visited Monivea Woods. Both classes thoroughly enjoyed the day out.  The children really love lessons about nature and the local environment.

Regards