Turas Scoile

Turas álainn oideachasúil

Bhí turas álainn oideachasúil ag Rang Múinteoir Paul go dtí an caisleán le déanaí. D’fhoghlaim na daltaí faoin stair áitiúil agus an stair go bhfuil ag caisleáin timpeall na tíre. Chomh maith le sin, d’fhoghlaim na daltaí faoi bhithéagsúlacht.

Rang Múinteoir Paul had a lovely, educational tour to the local castle in Athenry. The pupils got to learn about the local history and about the history of castles around the country. Also, the pupils were given a short presentation about biodiversity.

Bhfoireann díospóireachta

Ar an 28 Márta 2022, bhí an bua ag an bhfoireann díospóireachta. An rún a bhí acu ná “Ireland is not serious about tackling climate change.” Bhí ár bhfoireann ag labhairt ar son an rúin. Díospóireacht comórtasach a bhí ann. Leanann an foireann ar aghaidh go dtí an cluiche ceathrú ceannais na hÉireann anois a bheidh ar siúl ar an gCéadaoin, 4 Bealtaine 2022. Sár-iarrachta déanta ag na daltaí ar fad go dtí an pointe seo. Go n-éirí libh sa chluiche ceathrú ceannais!

On the 28th of March, 2022, the debating team won their most recent debate. The motion was “Ireland is not serious about tackling climate change.” Our team was proposing this motion throughout this very competitive debate. The team now moves forward to the All-Ireland Quarter Finals which will take place on Wednesday, 4th of May 2022. Everyone involved has put in a fantastic effort throughout the year. Good luck to the team in the quarter finals!

Chomórtas Díospóireachta

Tá sár-iarrachta déanta ag an rang ar fad nuair a bhí ullmhúchán ar siúl againn don chomórtas díospóireachta. D’éirigh go hiontach leis an bhfoireann díospóireachta agus bhuaigh siad an comórtas an chontae. Anois, níl ach 16 fhoireann fágtha sa chomórtas naisiúnta. Beidh an chéad bhabhta eile ar siúl ag deireadh mí an Mhártha.

The whole class were excellent in preparing for the debating competition. The team were brilliant and ended up wining the county championship. Now, there are only 16 teams left in the national competition. The next round will take place at the end of March.

Múintir na hUcráine

Chruthaigh na daltaí ealaín ar son Múintir na hUcráine.

The pupils created artwork for the people of Ukraine.

Stair na mBan

Rinneamar go leor oibre maidir le Stair na mBan. Bhí ar na daltaí bean amháin a roghnú, taighde a dhéanamh uirthi agus tionscnamh a chruthú.

We did a lot of work based on Women’s History. The pupils had to select a woman of their choice, complete research and then create a project.

Seachtain na Gaeilge

Tá na daltaí ag baint sult as na gníomhaíochtaí go bhfuil ar siúl againn ar scoil faoi láthair le haghaidh Seachtain na Gaeilge. Bíonn siad ag cleachtadh amhrán, ag cumadh scéitse, ag déanamh ealaíne agus ag cruthú filíochta don chomórtas filíochta.

The pupils are enjoying the activities that are currently place in the school for Seachtain na Gaeilge. They practice singing, are creating skits, doing art and are creating poetry for the poetry competition.

Lá na Leabhar

Rinneamar ceiliúir ar Lá na Leabhar. Bhí an deis ag daltaí gleasadh suas mar an carachtar leabhair is fearr leo.

We celebrated World Book Day. The pupils had the opportunity to dress up as their favourite character.

Ranganna Códaithe

Thosaigh an rang ag déanamh ranganna códaithe le M. Martha. Tá na ceachtanna spraíúil agus suimiúil. Tá na daltaí ag úsáid Scratch chun códú a dhéanamh.

The class started coding classes with M. Martha. The lessons are fun and interesting. The pupils are exploring coding with Scratch.

Lá Fhéile Bríde

Bhí deis ag na daltaí crosa a chruthú le haghaidh Lá Fhéile Bríde.

The pupils had the opportunity to create Saint Bridget’s Day crosses.

Bhí neart craic agus spraoi againn le linn an chéad téarma ag imirt rugbaí ag am corpoideachais.

We had a lot of fun in the first term playing rugby during PE lessons.

Rinne na daltaí ealaín iontach. Bhreathnaíomar ar mhodhanna difriúla chun cló a dhéanamh.

The pupils created excellent art. We looked at different printing methods.

Chruthaigh na daltaí cartaí Nollag. D’úsáid na daltaí solas, cadhnra agus fearas seoltach chun solas a dhéanamh don chárta.

The pupils created Christmas cards. The pupils used lights, batteries and conductive equipment for there to be a light at the front.

The pupils participated in dramas in the classroom. Everyone had an enjoyable time.

Ghlac na daltaí páirt i ndrámaí sa rang. Bhí go leor spraoi againn.

Bhreathnaíomar ar chúrsaí teicneolaíochta le linn an chéad téarma. Bhí deis ag na daltaí gléasanna Makey-Makey a úsáid. Bhí siad in ann códú a dhéanamh le na gléasanna seo. Chruthaigh na daltaí ceol le na ríomhairí agus na gleasanna agus bhí siad in ann cluichí a imirt chomh maith.

We looked at technology during the first term. The pupils had the opportunity to use Makey-Makey devices. The pupils were able to code with these devices. They created their own music and were also able to play games.

Rinne na daltaí taighe ar ainmhithe i mbaol. Bhreathnaíomar ar an éifeacht go bhfuil ag truailliú, dífhoraoisiú agus seilgeoireacht ar ainmhithe san fhiáin.

The pupils completed research on endangered animals. We looked at the effect that pollution, deforestation and poaching has on animals in the wild.

Tá sár-iarrachta déanta ag na daltaí le linn na bliana i rith ceachtanna ealaíne. Tá obair déanta againn bunaithe ar roinnt ealaíontóirí difriúla ar nós Van Gogh, Andy Warhol agus Bridget Riley. Chuamar i ngleic le cúrsaí péinteála agus cló.

The pupils have made an outstanding effort during art lessons this year. We have completed work based on the different artists such as Van Gogh, Andy Warhol and Bridget Riley. We looked at painting and print.

Bhí craic ‘s spraoi againn ar an Aoine roimh an mbriseadh meán-téarma. Bhí an deis ag na daltaí feisteas Oíche Shamhna a chur orthu. Rinneamar ealaín Oíche Shamhna i rith na seachtaine chomh maith.

We have good fun on the Friday before the midterm break. The pupils had the opportunity to dress up in their Halloween costumes. We also had the chance to complete Halloween artwork during the week as well.

Labhraíomar i rith na bliana faoi chúrsaí bulaíochta. Bhí plé agus caint againn faoin gcibearbhulaíocht. Phléamar na céimeanna go bhfuil le déanamh ag éinne dá mbeadh fadhb acu ar líne: Stop, Blocáil, Inis.

We’ve spoken a lot about bullying throughout the year. We have completed several activities and had many discussions about cyber bullying. We discussed the steps that anyone should take if they have an issue online: Stop, Block, Tell.