Turas Scoile













Obair Ranga
















Ghlac Rang a 3 páirt sa Bhleaist Eolaíochta ESB 2022 don chéad uair! Bhí siad ag fiosrú an ceist eolaíochta ‘Cen fáth a athraíonn helium do ghuth?’ Rinne siad taighde agus obair iontach. Rinne síad cúr i láthair ar Teams leis an moltóir Miriam Ryan, a thug aiseolas agus moladh mór don obair chrua a chuir siad isteach. Maith sibh!




Tá muid an-ghnóthach an téarma seo i Rang a 3! Seo cúpla rud a bhí á dhéanamh againn:
Seachtain na Gaeilge
Chuaigh muid ar siúloid timpeall Baile Átha an Rí ag cuartú Gaeilge sa cheantar. Chonaic muid neart Gaeilge timpeall na háite agus bhí an-spraoi againn. Míle buíochas le Múinteoir Elaine a tháinig linn 😊



Ag foghlaim faoin gClochaois (The Stoneage) san Ealaín agus Stair.


Lá na bPancóg/Máirt na hInide. Ag ithe pancóga deasa sa rang!


Enjoying circle time and book chat as part of World Book Day 3rd March.

Am Nollag i Rang a 3
Tá an Nollaig buailte linn agus tá muid ar bís faoi anseo i Rang a 3. Rinne muid maisiúcháin don gcrann Nollag agus ealaín gheimhreadh. Tá féilire Aidbhinte sa rang agus osclaíonn muid uimhir amháin gach lá – tá leabhair deasa le fáil ann. Rinne muid fleasc Nollag don doras ag úsáid ár lámha. We are very excited for Christmas in R3. We have made decorations for the Christmas tree and have created some lovely winter art. Our class Advent calendar is full of books and we can open one each day. We also made a Christmas wreath using our handprints. Nollaig Shona daoibh uilig!




Bhain Rang a 3 an-taitneamh as Seachtain Eolaíochta, a bhí ar siúl i mí na Samhna i mbliana. Rinne muid roicéid agus bhí an-spraoi againn ag seol na roicéid ar an gclós! For Science Week, we made straw rockets and launched them outside. It was great fun.


Bhí muid ag foghlaim faoin aimsir chomh maith. Thaifead muid an teocht taobh istigh agus taobh amuigh agus chuaigh muid ag cuartú comhartaí aimsire freisin. Ghlac muid páirt in agallamh leis an meitéareolaí Joanna Donnelly. D’fhoghlaim muid faoin gcineál oibre a dhéanann meitéareolaí agus chuir muid ceisteanna uirthi! We have been learning about the weather and have been recording temperatures inside and outside, as well as identifying weather signs. We took part in an interview with the meteorologist Joanna Donnelly, learning all about her work.


Rang a Trí enjoyed a nature walk around Athenry town recently, as part of the SESE curriculum for Science and Geography. We went in search of signs of autumn, as well as collecting items for our class nature table. We had checklists and ticked off items as we found them. We also enjoyed our time in the playground!
Seachtain Eolaíochta
Bhain Rang a Trí an-sult as siúlóid dúlra timpeall Baile Átha an Rí le déanaí, mar cheacht Eolaíochta agus Tír Eolais. Bhí muid ag lorg comharthaí an fhómhair, chomh maith le rudaí a bhailiú don bhord dúlra sa rang. Bhí seicliostaí againn de rudaí a cheap muid go mbeidh ann agus bhí muid in ann tick a chuir leis na nithe ar an seicliosta nuair a chonaic muid iad. Thaitin an tréimhse sa pháirc spraoi go mór leo chomh maith!


Bhí seachtain álainn againn d’Oíche Shamhna roimh an mbriseadh mean-téarma. Rinne muid ealaín deas i rith na seachtaine. Ar an Aoine, ghléas na páistí (agus an múinteori!) suas i bhfeisteas difriúla. D’imir muid cluichí, d’ith muid milseáin agus d’fhéach muid ar scannán. Bhain na páistí an-taitneamh as reoán a chur ar brioscaí freisin.
We had a great week for Halloween before the midterm break. We did some lovely art during the week. On Friday, the children (and teacher!) dressed up in different costumes. We played games, ate sweets and watched a movie. The children enjoyed icing Halloween cookies too.








