Rinne cailíní agus buachaillí Rang a 3 – 6 iontach ag rásaí Galway Primary Schools XC 2025 i mbliana. Bhí siad ar siúl don chéad uair ag an Galway Racecourse. Agus tá triúr imithe tríd go dtí an babhta Ceannais Dé Máirt seo chugainn 7ú DF 🤗

Bhí na cailíní ag an blitz Mikey Vaughan Cup and Kate Moran Shield ar an Luain,  Rinneadar an-mhaith, bualadh iad sa cluiche leathcheannais.

Chuaigh na buachaillí chomh fada leis an cluiche ceannais sna Mini 7s.  Bhuail Monivea iad le 2 phointe ach bhí sár éacht déanta acu dul chomh fada sin.

Guímid gach rath ar Sheán ó Rang 3 agus ar a dheartháir Harry, atá mar chuid d’fhoireann Taekwondo Chonnacht agus iad ag déanamh ionadaíochta ar son na hÉireann ag Craobhchomórtais Idirnáisiúnta Taekwondo na Malaeisia 2025! 🇮🇪🥋

We’d like to wish Seán in Rang 3 and his older brother Harry the very best of luck as they join the Connacht Taekwondo team representing Ireland at the Malaysia International Taekwondo Championships 2025! 🇮🇪🥋
We are immensely proud of their achievement and look forward to keeping our school community updated on Seán’s progress 🌍💪 Go n-éirí leat Seán & Harry!!! #Connachttkd

Lá Spóirt

Deá-scéala ón gCraobh Chonnacht!

Tá Connie tar éis bonn ór agus airgid a bhaint amach ag an deireadh seachtaine, ag snámh ar son Gaelscoil Riada! Bhí sí ag snámh i ndá imeacht: an 50m Stíl Féileacáin agus an 100m Meiléid Aonair. Beidh sí ag snámh dár scoil i gCraobh Náisiúnta in Baile Átha Cliath i mí Mhárta seo!

Comhghairdeas, Connie! Táimid thar a bheith bródúil asat!

Exciting Update from the Connacht Schools Championships!

We are thrilled to share the fantastic results achieved by Connie at the Connacht Schools Championships on Saturday, February 1st.

Representing Gaelscoil Riada, Connie competed in two events—the 50m Butterfly and the 100m Individual Medley. She swam brilliantly, earning a silver medal in the 50m Butterfly and a gold medal in the 100m IM!

Her impressive performance has now earned her the opportunity to represent our school at the Nationals in Dublin this March .

Congratulations, Connie! We are incredibly proud of your hard work and achievements.

Liathróid láimhe

Hugo Rang 4/5 playing single – 2nd place – silver medal.

Joshua Rang 6 playing single – 2nd place – silver medal.

Blitz Cailíní

Bhí na cailíní amuigh ag blitz i Monivea an tseachtain seo caite.  Bhaineadar an-sult as an lá agus d’imir siad go hiontach.

Mini 7’s

The entire school gathered with immense pride in the Halla this morning to watch our former pupil, Seán Doggett, represent his country in the men’s 4 x 400m relay at the European Championships in Rome. This is an unbelievable achievement for Seán and his family, and we couldn’t be more proud.

Maidin iontach againn i nGaelscoil Riada ag féachaint ar Seán Doggett ag rith ar son a thír i rás sealaíochta 4x400m na ​​bhfear ag Craobhchomórtais na hEorpa sa Róimh!! Éacht dochreidte é seo do Sheán agus dá chlann, agus ní fhéadfaimis a bheith níos bródúil as.

D’éirigh go iontach le gasúir Gaelscoil Riada I gcomórtas sacar Rang a 3/4 le gairid. Bhuaigh foireann na mbuachaillí Rang a 4 an comórtas amach I gcoinne foireann na mbuachaillí Rang a 3 sa gcluiche ceannais agus d’éirigh leis na cailíní dhul chomh fada leis an gcluiche ceannais chomh maith. Níos tábhachtaí ná sin, bhain na gasúir an-taitneamh as an lá agus ghlac gach duine páirt.


The pupils of 3rd and 4th class had a great day at the soccer blitz recently. All our teams performed well but more importantly the children had an enjoyable day and they all got to take part.

Oirthear na Gaillimhe buaite ag na cailíní inniu. 5 chluiche as 5 buaite acu agus ag dul ar aghaidh go dtí cluiche ceannais na Gaillimhe 💪 

Le gairid, bhí an t-ádh orainn mar scoil go raibh Safety Direct sásta urraíocht a thabhairt dhúinn chun geansaithe peile nua a cheannach. Táimid fíor-bhuíoch do Gary Hession agus Safety Direct. Leis an méid sin ráite, tháinig Gary isteach chuig na scoile chun na geansaithe nua a bhronnadh orainn mar scoil.

Recently, the school was delighted to receive a new set of GAA jerseys. These jerseys were generously sponsored by Safety Direct and we as a school are very grateful to Safety Direct, and particularly Gary Hession (a parent of the school) who organised the sponsorship of the jerseys. Recently, Gary came in to present the jerseys to the school.

Gaelscoil Riada abú.

Bhi cailíní Ranganna 4,5 & 6 ag an bliots Mini sevens inniu. Rinne siad thar cionn. Maith sibh cailíní! 

Bhí scil iontach le feiceáil i Muine Mheá inniu, 9 Deireadh Fómhair 2023. 

Chuaigh na buachaillí ó Rang 5 agus Rang 6 ann ag imirt peile. D’imir siad trí chluiche comórtasach ar an lá. 

Bhuaigh siad péire acu agus chaill siad ceann amháin le dhá pointe. Bhí go leor cúil agus cúilíní iontacha le feiceáil. 

Maith sibh a bhuachaillí!

There was excellent skill on show in Monivea today, 9th of October 2023. The boys from Rang 5 and Rang 6 participated in a Gaelic football blitz.

They played three competitive games on the day. The team won two games and lost the other by only two points. There were some fantastic goals and points on display. 

Maith sibh buachaillí!

The girls of the school had a great day last Friday out in Cappatagle.

They went to the area final in the Mini 7s after winning 3 games in group 1.  Sadly Caltra got the better of them in that final.

They’ve all done a great achievement!

Dalta na scoile ar imirt i bPáirc Uí Chrócaigh!

Comhghairdeachas mór le Aoileann gur imir i bPáirc Uí Chrócaigh an deireadh seachtaine seo chaite. D’imir sí ar son na scoile agus ar son an chontae!

D’éirigh léi cúl iontach a fháil chomh maith.

Comhghairdeachas leat a Aoileann!

A huge congratulations to Aoileann, one of our pupils, who played in Croke Park on the weekend. Aoileann played on behalf of the school and on behalf of the county!

She was able to score a fantastic goal during the match.

Well done Aoileann!

Rinne na buachaillí éacht ag Blitz áitiúil iomanaíochta Naomh Muire le gairid.

Bhuadar amach an corn seo.  Fair plé dóibh agus Múinteoir Tomás “Kiely” Ó Fátharta.

Comhghairdeachas le páistí Rang 6 a rinne éacht inniu. Congratulations to our 6th class girls who reached the county final today. We are immensely proud of their achievements this year🥳🥳

D’imir na cailíní i Blitz Camógaíochta i bPáirc Uí Cheallaigh a bhí á reáchtáil ag Coláiste Clarin. Bhí lá iontach acu.

D’imir na buachaillí i Blitz iomána i gCarnán. Bhí lá iontach acu.

Ar feadh tamaill anois, bíonn traenáil sacair ar siúl ag na buachaillí agus cailíní i Rang 5 agus Rang 6. Bíonn na daltaí ag traenáil sa halla agus ar an bpáirc peile áitiúil. Chuaigh na daltaí uilig go dtí Baile Locha Riach agus bhí deis ag chuile dhuine cluichí a imirt. Ghlac foireann na gcailíní agus foireann na mbuachaillí páirt sa gcomórtas FAI Oirthear na Gaillimhe.  

D’éirigh go hiontach le na buachaillí. D’imir siad cúig chluiche sa ngrúpa agus bhuaigh siad gach ceann. Bhí cluiche iontach acu sa gcluiche ceannais. Bhuail na buachaillí an trasnán, an cuaille agus glanadh an liathróid ón gcúl-líne. Comhscór a bhí sa deireadh agus lean an cluiche ar aghaidh go comórtas cic-pionóis. Faraor, ní raibh an t-ádh linn ar an lá agus bhuaigh an foireann eile. Ba cheart go bhfuil na buachaillí an-bhródúil astu féin. Bhí scil agus sacar iontach le feiceáil ar an lá! Is cinnte go mbeidh todhchaí rathúil ag na buachaillí i gcomórtas sacair.  

I gcomórtas na gcailíní, bhí cúig chluiche acu sa ngrúpa chomh maith. Ar nós na mbuachaillí, bhuaigh na cailíní gach uile chluiche seachas an cluiche ceannais. Bhí comhscór ag deireadh an chluiche ceannais chomh maith agus bhí cic pionóis le tógáil. Bhuaigh na cailíní an comórtas cic-pionóis! Bhuaigh na cailíní an comórtas Oirthear na Gaillimhe. Fuair go leor de na himreoirí cúil ar an lá agus, níor scaoil siad isteach ach cúl amháin ar an lá! Leanfaidh na cailíní ar aghaidh go dtí cluiche ceannais an chontae i gceann cúpla mí. Maith sibh a chailíní!  

Go raibh míle maith agaibh a thuistí agus a chaomhnóirí gur thug tacaíocht dúinn le linn na gcomórtas. Gaelscoil Riada abú! 

The boys and girls of Rang 5 and Rang 6 have been training hard this year. On Mondays, the pupils have been playing soccer in the hall and have been going to the local pitch on Fridays. All of the pupils went to Loughrea to partake in a soccer blitz against local Gaelscoileanna. Another competition took place at Shiven Rovers AFC, the East Galway FAI Competition.  

The boys performed brilliantly at Shiven Rovers. They played five games in their group and won all of them. In the final, the boys hit the post, crossbar and the ball was even cleared off of the line. The final finished as a draw which meant penalties. Unfortunately, it wasn’t our day and the boys lost a tightly fought battle. All of the boys involved should be very proud of themselves. There was brilliant skill and soccer displayed on the day. The future is definitely bright! 

The girls were excellent during their blitz. They won all five games in their group as well. The final was a tightly contested battle which proceeded to penalties. The girls won the East Galway soccer competition. A lot of the players scored goals on the day and they only conceded one goal over six games! An incredible feat! The girls will now proceed to the County Finals in a couple of months. Well done girls! 

Thank you to all of the parents and guardians that supported us! Gaelscoil Riada abú! 

Buaiteoirí comórtas Mini 7’s inniu 07.10.22

Blitz cailíní rang 4,5&6 – 6ú Deireadh Fómhair

Thug cailíní agus buachaillí Rang a 3 go 6 cuairt ar Renmore ar Dé Máirt 20ú don 2022 Galway Primary Schools Cross Country Semi Finals. Rinne na páistí iarracht iontach agus bhain siad an-taitneamh as an lá. Tá múid an-sásta freisin go bhfuil Tom Rang a 5 Paul agus Jason Rang a 6 Marcus tríd go dtí an chéad babhta eile. Tá súil againn go n’eireoigh leo Dé Máirt seo chugainn.

Tar éis cúpla bliain gan cluiche ar bith, bhí cluichí peile á imirt arís ag daltaí Gaelscoil Riada. Bhí foireann na mbuachaillí agus foireann na gcailíní ó Rang 5 agus Rang 6 páirteach i gcluichí i mí na Bealtaine. D’éirigh go hiontach le na foirne. Bhí go leor scileanna agus scóir iontacha le feiceáil. Tar éis dhá chluiche rathúil, táimid ar fad go tnúth le cúpla blitzchomórtas a imirt roimh deireadh na bliana. Gaelscoil Riada abú!

After a couple of years without a match due to the pandemic, the pupils were playing on behalf of Gaelscoil Riada once again. The boys’ team and girls’ team consisted of pupils from Rang 5 and Rang 6. The two teams performed excellently! There were brilliant skills and scores to be seen at the matches. After two successful matches, we’re all looking forward to the upcoming blitzes! Gaelscoil Riada abú!

Foireann Iománaíocht

Iománaithe na scoile ag glacadh páirt I mblitz idir scoileanna bhaile átha an rí

Foireann Chamógaíochta

Foireann chamógaíochta na scoile a ghlac páirt i gcomórtas i Kenny Park le gairid. Maith sibh a chailín.

Cumann na Bunscoil handball competition

Comhghairdeas do na  páistí a ghlac páirt i gcomórtas liathróid láimhe Cumann na mBunscoile Dé Sathran seo caite. Well done to all our pupils who participated in the county finals of the Cumann na mBunscoil handball competition last Saturday at Salthill Handball Club. We are very proud of all our players and delighted to bring  U13 boys doubles silver medal back to Baile Átha an Rí!! Maith sibh👍👍