Buíochas ó chroí le foireann agus daltaí Choláiste an Chláirín as fáilte mhór a chur roimh ár bpáistí ó Rang 1 & 2 inniu.

Bhain na páistí an-taitneamh as turas timpeall an choláiste, ag breathnú ar na doirse álainn Nollag a bhí maisithe go hálainn ag na daltaí. Thug siad cuairt ar an tseomra Ealaíne, áit ar chruthaigh siad cártaí Nollag dá gcuid féin. 🎨

Ina dhiaidh sin, d’éist siad le roinnt carúl iontach á chanadh ag daltaí na hidirbhliana agus iad ag baint taitnimh as brioscaí blasta. 🍪🎶

B’í buaicphointe an lae ná nuair a bhuail gach páiste le Daidí na Nollag ina aonar, ag comhrá leis agus lena shíoga iontacha. Fuair gach páiste bronntanas beag álainn. 🎅🎁

Cuireadh fáilte mhór romhainn — páistí agus foireann — trí Ghaeilge, rud a bhí thar a bheith speisialta dúinn. Táimid fíorbhuíoch as an obair mhór agus an iarracht a cuireadh isteach san imeacht iontach seo. Bhí an-lá againn !!

A huge thank you to the wonderful staff and students of Clarin College for the warm welcome given to our Rang 1 & 2 pupils today.

The highlight of the day was when each child individually met Santa, chatted with him and his wonderful elves, and received a beautiful little gift🎅🎁.

We are so grateful for the incredible welcome and the huge effort involved in organising this event i nGaeilge. A lovely experience — truly a day to remember. 💚